Ceardlann Crosóg Bhríde/St Bridgets Cross workshop
2nd Feb 2026
Lá Fheile Bríde a bhí ann inné.
Le séasúr nua an Earraigh a thabhairt isteach, bhí ceardlann ar siúl againn inar teagascadh an dóigh le crosóga Bhríde a dhéanamh. Tháinig tuismitheoirí agus seantuismitheoirí isteach agus rinneadh neart crosóga galánta.
Labhair daltaí R7 faoin tábhacht atá ag na crosóga agus faoi stair na féile fosta. Labhair na daltaí faoi na rudaí a d’fhoghlaim siad faoi Naomh Bríd.
It was St Bridget's day yesterday.
To celebrate the return of Spring, we had a workshop on how to make Bridget's cross here in the school. Parents and grandparents alike came in and made lots of lovely crosses.
Rang a 7 pupils spoke about this important date in the Irish calendar and spoke about the old traditions that existed.


